Intro: verse 1 Ná habair m’ainm leis an bhfear A labharfaidh im dhiaidh i do chluais A bhéarfaidh aniar chugat Gealach is grian mar dhuais Ná habair gur seanascéal é sin A chuala tú uaim fadó Éist do bhéal, éist do bhéal is bí ciúin Don gcéad uair i do shaol, bí ciúin Is éist do bhéal, do bhéilín bán Éist do bhéal verse 2 Má chloiseann tú caint I dtábhairní an bhaile Gur ghearras-sa mo ghruaig Gur duine le Dia mé A d’imigh ar buile i do dhiaidh Ná habair gur seanascéal é sin A chuala tú uaim fadó Éist do bhéal, éist do bhéal is bí ciúin Don gcéad uair i do shaol, bí ciúin Is éist do bhéal, do bhéilín bán Éist do bhéal verse 3 Má chíonn tú i mbrionglóid Mé ag siúl cois toinne Lem stuabhean rua Gan fáinne ar mhéar Gan scáil ar ár gcraiceann gan smál Ná habair gur seanascéal é sin A chuala tú uaim fadó Éist do bhéal, éist do bhéal is bí ciúin Don gcéad uair i do shaol, bí ciúin Is éist do bhéal, do bhéilín bán Éist do bhéal, éist do bhéal is bí ciúin Don gcéad uair i do shaol, bí ciúin Is éist do bhéal, do bhéilín bán Éist do bhéal OUTRO